Togra ildisciplíneach
bunaithe ar an gCailleach



Beidh an leabhrán 'Leabhar an Caillí' dátheangach, agus beidh sé lán do grianghrafanna, scríbhneoireacht 's dánta. Is comhleabhar a bhéas ann a ghabhann leis an clár fianéise 'An Cailleach Ársa.'
Tá mé ag obair faoi láthair ar leabhar eile, i mBéarla, a cludaíonn an tionscadal taighde An Cailleach Ársa. Baineann sé le na cuairteanna atá mé ag tabhairt ar láithreáin naofa agus an athléamh atá mé ag déanamh ar doiciméid ársa. Míníonn sé fosta na comhtharlúint iontacha a tharla sa chúlra chun an taighde a spreagadh agus a chur chun cinn.
Na Bandéithe
Ainnir, Máthair, Cailleach.


Bhí an suiteán le feiceáil i Spás Taispeántais Tuatha na nEalaíon, mar pháirt do Fhéile Mháire an Chlochán Léith, 2023. Beidh sé le feiceáil arís ar Oíche Chultúir 2023, i dTeach Niall Ó Dhomhnaill, Loch an Iúir,

Roghnaigh mé Teach Niall Ó Dhomhnaill fá choinne an suiteán toisc go bhfuil ceangail domhain leis an suíomh le h-oidhreacht an theanga agus oidhreacht na tíre fiú. Sa suiteán bheadh 'Ainnir' crochta ar an mballa, bheadh 'Máthair' suite cois tine, agus bheadh 'Cailleach' ina luí ar an urlár, le haghaidh s'aici le feiceáil fríd poll i gclampa móin.

Scéim Sparánachta d'Ealaíontóirí 2022
Míle buíochas do Ealaín na Gaeltachta. Leis an tacaíocht a fuair mé bhí mé in ann am a chur ar leataobh chun mo chleachtas a fhorbairt i dtreo bairr-feabhais.