An Cailleach

spiorad ársa ag teacht chun tosaigh

cé hí an CAILLEACH

Go dtí go raibh mé níos mó na daichead bliain d'aois, ní raibh cliú agam cé hí 'An Cailleach'. Mar is eol do chách, tá cailleach shamhna ann, (sé sin bean ghránna ag glagarnaigh, le gaosán fada géar agus craiceann glas uirthi), ach níl morán ceangail idir an íomha páistiúil sin, agus an Cailleach ársa ó na glúnta a tháinig romhainn. Is fuinneamh suntasach, baineann í an Cailleach. Is gn´e don Ollmháthair í, an gné a bhíonn i gceannas ar na seasúir dhorcha, ach bh'fhéidir, níos mó ná sin, gur an t-Ollmháthair phríomhordúla fhéin í, corpraithe mar bean aosta, críonna, cumhachtach. Cé go raibh dearmad beagnach déanta uirthi,  tá a bealach rúndiamhair fhéin ag an tseanbhean fíor-iontach faoi chaille, agus tá a spiorad ársa draíochta ag teacht chun tosaigh arís. 

Cé nach raibh mé eolach uirthi, spreag sí mé agus tháinig mé ar thuras, chun tuilleadh eolas a fáil amach. D'úsáid mé leabhair ar ndóigh ach níos tábhachtaí fós thug mé cuairt ar shuíomhanna ársa agus labhair mé le daoine. Tharla draíocht. Tharla comhtharluithe. Tharla inspioráid ealaíne fosta, idir scríbhneoireacht, fís ealaíon meán measctha agus f´íseáin. Beidh clár fianéise eisithe fá choinne Samhain 2023.


Scéim Sparánachta d'Ealaíontóirí 2022


Míle buíochas do Ealaín na Gaeltachta. Leis an tacaíocht a fuair mé bhí mé in ann am a chur ar leataobh chun mo chleachtas a fhorbairt i dtreo bairr-feabhais.


© Maria Coleman / Ealaíontóir / All rights reserved
Powered by Webnode Cookies
Create your website for free! This website was made with Webnode. Create your own for free today! Get started